Is tír idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach í an Astráil. Is é Kevin Rudd an Príomh-Aire faoi láthair. Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin agus ní raibh aon eolas ag Eorpaigh faoi go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine i 1770 agus cruthaíodh sé chóilíneacht go gearr ina dhiaidh sin. Rinneadh aon tír amháin díobh seo, Comhlathas na hAstráile, i 1901.
Is de bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, a lán acu de shliocht príosúnach a díbríodh thar sáile sa naoú haois déag. Córas feidearálach rialtais atá ann, sé stát agus dhá Chríoch, agus oileáin iomadúla mar chríocha spleácha. Tá daonra de bheagnach 20 (meastúchán Iúil 2004) milliún sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de chathracha.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.